Bhí teach leanna, oifig an phoist agus siopa i dtigh Dixon in Mín Lárach. Bhí bád ag Dixon ag iompair an phoist agus earraí go Toraigh. Fuair sé bád níos mó, thóg Hughie Dixon an bád do, ceann mór a bhí inti, “Little Flower” an t-ainm a bhí uirthi. Chaith Pádraig 7 mbliana ag obair ansin.
00:05:13
Bhí siopa ag Pádraig i dToraigh agus bhí se ag ceannach earraí ó Mhicí an Chóip as an Choitín. Bhí ceithre shiopa i dToraigh san am sin. Dhéanadh siad cinnte i gcónaí go mbíodh léir plúir agus siúcra tugtha isteach an oileáin acu, bhí gach rud eile acu féin istigh.